Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

Míshásta agus an caoleagainteachas
Nó Fadhbeanna Míshásta

Bhuel, a leithéad de shotal, “Caolaigeanta” – Mise? - Mí? – Bunaitheoir, Bainisteoir, Amhránaí, Cumadóir agus príomhbholscaire an bhanna chlúitigh cheannródaigh sin; an Gormaichaí Míshásta Delta Blues Band.

Cúngaigeanta? Mise, an fear a dibríodh as an gConradh mar gur thógas raic nuair a rialigh an Cathaoirleach mo rún as ord ag crinniú cinn bliana in Áras na Díge roinnt blianta ó shin. Bhí an seanphort á sheinnt ann; plé faoisna módhanna níba éifeachtaí chun an t-aos óg a mhealladh isteach, is í an ghlúin óg todhchaí na teangan &rl. “Bhuel” arsa mise “má tá sibh dáiríre faoi sin, caithfidh sibh na h-áiseanna cuí a chur ar fáil dóibh, molaim go gcuirfí dáileoir coiscíní sa leithris, cuiditheoir?”. B’as an eachtra sin a tháinig an t-ámhrán “Táim baráilte as an gClub, a Mhamaí”. Sciob duine éigin an t-ámhrán uaim agus dhein roinnt athruithe, ach sin scéal eile, ní chreidfeá é.

Mise, Caolaigeanta?. An fear a sheas ar fhlóta na n-Aerach trí lár Chathair Chorcaí i bParáid Lá le Pádraig, ag canadh “We’re Queer because we’re here” is ag caitheamh T-léine leis an mana: - “Ní amháin Gaelach, ach Aerach chomh maith, Ní amháin Aerach ach Gaelach chomh maith”. Anois, ar eagla na míthuisceana, táim céad faoin gcéad heitreo fearúil agus ochtar clainne agam mar chruthú ar sin. Chuas isteach ar chúl an leoraí leis na Aerigh mar sórt cómhartha tacaíochta do mhac liom a bhí díreach tar éis teacht amach as an gcófra. Sin Jonathan nó Seánán mar a thugann sé ar féin nuair a bhíonn sé ag gaeilgeoireacht.

B’í Jocelyn a chur caolaigeantacht i mo leith. Jocelyn, sin an t-aon duine den ochtar clainne a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici, anois is arís chun cainte liom. Dúirt sí go rabhas caolaigeanta mar go rabhas ag tabhairt amach faoi iompar Daphne, an iníon is sine. Agus canathaobh nach mbeinn, agus an eiseamláir atá a tabhairt aici dosna deirfiúracha óga. Hhhmmmpphh! Agus tar éis an t-airgead go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha.

Daphne – tuilleadh faoin straip mínáireach míbhuíoch sin ar ball.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

ach ní thuigeann cuid maith de lucht chlár plé beo dáiríreacht na scéala

An féidir le duine bheith 'díreach' i ndiaidh teacht amach as an chófra??

Seosamh

Buíochas le Dia -- cúis gháire chugainn ar deireadh. Go raibh maith agat, a Mhí.

Jae Suí

Tuille eolas faoi Daphne

Agus tar éis an t-airgead - - óó – b’fhéidir gur cirte a rá; tar éis an airgid go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha. Agus tar éis an mhéid ama a chaitheas dá tiomáint go dtí cluichí haca, cleactadh bailé agus rincí ag an gclub rugbaí. Ní féidir a rá nach raibh go leor deiseanna ag Daphne chun bhuaileadh leis na daoine cearta. Níor thugas aon aird nuair a bhí sí bainteach le craobh an UCC den Mhilitant Anti-Oppression Global Workers Union. Nach rabhas fhéin i mo bhall den -------- sa cholaiste tráth – scéal eile!, ní chreidfeá é.i

Faigheann daoine ciall de ghnáth nuair a théann siad amach sa saol réadúil agus fágann siad baoth-idéalachas na h-óige ina ndiaidh. Ach ni rabhas ag siúl go gcuirfeadh Daphne a teoiricí faoi “dlúthpháirtíocht leis an bProletariet” i bhfeidhm practiciúil. Anois tá sí tar éis bogadh isteach in árasáinín suarach gruama a “phairtnéir” i mBloc an Phiarsaigh. Agus tá béibí fireann nua acu, mo chéad gharmhac. Cén saghas timpeallachta é sin chun leanbh a thógaint ann – i measc mangairí drugaí, spraoimharcaigh, andúlaigh agus lucht dífhostaithe fadthéarmach. Agus an athair, an “pairtnéar”, Seánie Fogarty - - is saothar ealaíona ina steillbheatha é, gach ball (agus gach ball i ndáiríre de réir dealraimh, iuc!) clúdaithe le tatúanna scéiniúla agus fáinní agus stodaí gairéadacha. Ba chóir dom ceann desna fáinní sin a stróiceadh óna mhala agus iallach a chur air é a chur ar mhéar ceart Daphne, chun go mbeadh taisteas ionraic ag mo gharmhac soineanta. Agus mar bharr ar na míbhuntáistí sin faoina bheidh an créatúirín bocht ag fulaingt, an bhfuil fhios agat cén t-ainm a thugadar air? Fan go gcloisfeá, Ó! Táim chomh mór sin trína céile suaite anois nach féidir liom an méarchlár a aimsiú i gceart. Táim ag dul go dtí an pub i gcómhair cúpla Beamish chun na néaróga a cheansú beagáinín.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Tá daoine eile de lucht chlár Plé beo níos tuisciní

A Mhí a chara,

Táim cinnte nach bhfuil nithe chomh holc agus a cheapann tú. Tabhar cuireadh do Daphne agus Seánie chuig bhur teach oíche éigin chun cluiche Bridge a imirt. Cuirfidh tú aithne ar i an fear lách óg ansin. B'fhéidir gur féidir le Corcha Muichid a súil a choimeád ar an chúpla duit freisin. Féachaint nach ndéanfaidh na mangairí Drugaí aon dochair dóibh.

B'fhéidir go mbéidh an síciatraí oifigiúil an chlár plé seo cúpla seisiúin a thabhart daoibh mar saghas "Familien-Beratung"

Pádraig

Tá mé ag an láimh agat, a Mhíshásta. Ach is deacair iad na cásanna mar seo. B'fhéidir go mbeadh mé ábalta cabhair a thabhairt daoibh ach caithfidh mé scrúdú a dhéanamh ar mheon na dtuismitheoirí nua ar dtús. Tabharfaidh mé thart trathnóna an chluiche bridge más é do thoil é. Saor in aisce duitse, ar ndóigh, ach beidh cúpla pionta Guinness de dhíth orm le m'intinne a thabhairt chun cruinne.

Siciatraí Oifigiúil an Chlár Plé

Agus daoine eile nach dtuigim féin!

!Caramba! An bhfuil Comhtharlú Draíochtach ar siúl annseo? Abair- Nuair a bhíonn Lán na Ré ag dealramh in ard na Spéire, bíonn Síciatraí Oifigiúil an Chlár Plé ag éirí óna Lusca féin!

Bhuel! Tóig go bog é a chara, Síciatraí-Tá cúpla focal ag do chuid Alter-égo- Dracúla-a rá annseo mar gheall ar "Familien-Beratung:"

"It voudn't help you, dahlink, Aithníonn an fhuil a cheile! Mar a chuirfeas tú bainfidh tú!"

'Cine Clóin?' Sin é scéal eile-cinnte!

An Bás na Apacailipsis

Breis eolas faoin leanbh nua

Manamandiail, a leithéad de ualach crúalach a chur ar leanbán neamhurchóideach agus é ag tosnú amach ar chosán chasta chreigeach an tsaoil. “jAc Cloudburst Bartholomew” (sic) a thugadar ar mo chéad gharmhac. Níor smaoiníodar ar rudaí praicticiúla mar líonadh foirmeacha. Dúirt Jocelyn liom (Jocelyn; an t-aon ball den ochtar clainne a bhíonn in ann cúpla nóimeat a sparáil chun cómhrá liom uair sa tseachtain) dúirt sí liom go raibh siombalachas rómánsach éigin ag baint leis an ainm “Cloudburst” agus le giniúint an bhéibí. De réir dealraimh bhí an bheirt ábhar tuistí amuigh ag spaisteoireacht lá nuair a d’oscail na spéartha go h-obann agus chuadar ar foscadh i sean-bhothán tréigthe ón díle bháistí. Ansan . . . bhuel, ní mhaith liom smaoineamh air. B’fhéidir go mba chóir dóibh “Rubberburst” a úsáid in áit Cloudburst. Cad mar gheall ar na módhanna éagsúla frithghiniúna agus an bholscaireacht leanúnach fúthu?. Níl daoine chomh teoranta anois agus a bhíomarna le linn ré dhorcha na h-aontumha éigeantaí.

Tháinig an t-ainm Bartholomew ón seanathair ar thaobh an athar. Ní smaoineoidís ar an seanathair ar thaobh na máthar, ó no!, ach ar Batt “Stróiceáil” Fogarty, fear a raibh clú an phóitseálaí air. Ba mhinic a cheannaíos bradán breá uaidh sara truaillíodh an abhainn áitiúil. N’fheadar an raibh aon jab ceart riamh aige. Bhíodh sé le feiscint ag síor taisteal siar aniar idir an pub agus an geallghlacadóir, faig ar sileadh óna bhéal. Bhí cáil air mar fhear a bhí fíor ábalta buaiteóirí a phiocadh sna rásaí capall. Ba mhinic a bhfuaireas fhéin leid fhiúntach uaidh sara liostáileas le Gamblers’ Anonymous (scéal eile, ní chreidfeá é). Ní raibh uaidh mar chúiteamh as na buaiteóirí sin ach cúpla piontaí agus paicéad Players. Ni chuimhin liom arbh é an chiróis nó an ailse scamhogá a mharaigh sa deireadh é agus gan fiú an leath chéad sroiste aige. Ní raibh fhios agam ag an am go mbeadh gaol idir mise agus a chlann lá éigin.

Ach d’ainneoin nach bhfuil m’ainm fhéinig ar “jAc”, mo gharmhac, tá mo shúile le feiscint ina aghaidh agus is álainn ar fad an leanbh é. B’fhéidir go mbeidh féith an cheoil agus na scríbhneoireachta aige chomh maith. Cá bhfios?

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Cúis don dara túr i Bloc an Phiarsaigh

Is cuimhin liom féin na fadhbanna sin againn sna Túir. Tá's agat cén fáth go raibh ar an gComhairle and dara túr a thógáil. Ba é an t-aon sórt 'pleanáil clainne' a bhí againn - agus ní admhóinn féin ná an páirtí sinsearach sa phósadh seo againne gur phleanálamar ceachtar den tríúr atá againn - ná an Broadford Bus Method.

Níl aon dabht ach go bhfuil an dul chun cinn déantain achar an-bheag blianta.

(Corca Muichid)

Ní Cúis gáir í an scéal áfach...

Cuireann an scéilín san i gcuimhne dhom greannscéal a chuala tamall ó shin i dtaobh an Indiaigh Mheiriceánaigh so ag fiafraí ar a thaoiseach conas mar a d’ainmnigh sé na daoine go léir, mar ba nós a bhí sa treabh so ná go roghnódh an taoiseach an ainm. “Bhuel, n’fheadar i dtaobh daoine eile”, ar seisean,”ach sé an cleas a dheinim féin ná nuair a chloisim i dtaobh breith linbh nua, gabhaim amach díreach agus an chéad rud a fheicim, sin an ainm, má’s oiriúnach í.

Mar shampla, dá bhfeicfinn scamaill bhána “White Clouds” a bheadh ann.” “Ach cogar”, ar seisean “cé’n fáth go bhfuilir ag cur na ceiste so, Two Dogs F*****g?
(Cinsearacht Tá's agam, ach sin mar atá, Is láithreán í seo don Chlann go léir!)”

Nuair a bhíonn an cat amuigh

Nó scéal an "Hoostler Body and Soul Regeneration Country Club "

fráilim duit,
Duitse amháin,
A Róisín Dubh,
Rós deargbhán.
Seo cyber-bhláth
D’fhíor-shaobhghrá.

Ach tá dúil agat
San Eachtrannach,
Ag labhairt Seicis,
Nó fiú Úzbeicis.
Nó buachaill bó
As Idaho,
Ag déanamh seó
Sa Ródeó.

Cuma leat sa tsioc,
Faoin Éireannach,
Le blas Corcaíoch
Ag fantasaíocht
Im oifigín,
Fútsa; Róisín.
Mo chreach, mo bhrón,
Ochón, ochón.

Duitse,
Duitse amháin,
A Róisín Dubh,
Rós deargbhán.

Mí(fhileata)

Cé go bhfuil rud éigin rómansiúil ag baint leis an dán, Tá meas ag Róisín ar sacrament an pósadh fós.

Óhhhhhh a Mhíshásta,
Rugadh mé rómhall sa chéid. Is fear rómánsúil thú, mar a dúirt mé go minic. Ach is fear pósta thú freisin. Mo náire thú! Is mór an trua nár Michal é an duine a scríobh an dán breá seo domsa. Thiocfainn ar ais go hÉirinn agus rachainn ar a lorg ar fud na tíre. Maidir le mo bhuachaill bó, Danny Noonan, níor chuir sé glaoch ar bith orm tar éis eachtra an chíochbhirt. Tá na fir luaineach...osna.

Tá míniú ag Chris ar iompar Danny

A Róisín,

sílim go bhfuil do bhuachaill bó an-chotúil. Tá sé in ann plé leis na bó ach tagann cotdh air, nuair a fheiceann sé bean óg deas :) An créatúr!

Ach Tá ceist eile agam féin ar Mí

'bhfuil do bhean ar oilithreacht arís a Mhí???

Agus ceapan Corca go bhfuil an freagra aige féin.

Ar oilithreacht an ea?

Go dtí an fheirm sláinte a théann móruaisle Chetwynde Downs.
Rud aisteach go leor, tá an fheirm seo in aice le Guagán Barra. Ach sin sc´ál eile mar a déarfadh an té a déarfadh.

Fírine an scéal ó Míshásta féin.

A Chorca, ní thaitníonn an téarma “feirm sláinte” leis an dream sin i nGúgán Barra. “The Hoostler Body and Soul Regeneration Country Club” a thugtar air. Níl an leagan Gaeilge agam cé go bhfuil a leithéad ann (i gcló beag bídeach) mar go bhfuair Hans Heindrick Hoostler deontas flaithiúil ón Udarás chun an áit a bhunadh. Agus creid nó ná creid bhuaileas leis an Hans Heindrick céanna blianta sarar tháinig sé go dtí an tír seo. Nuair a bhí an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band ar chamchuairt na h-Eorpa blianta fada ó shin, bhí gig againn oíche i gceantar na soilse dearga in Amsterdam, de Wallatjes. Mar ba hiondúil ní raibh dream rómhór i láthair, ach chuaigh ár gceol i bhfeidhm ar fhear ghustalach amháin, a tháinig suas chughainn ag deireadh na h-oiche dár moladh. Hans Heindrick Hoostler ab ainm dó. Thug sé curadh dúinn teacht go dtí a chlub “Gentlemen Only” i gcómhair culpa deoch. Manamandiail (Gadverdamme), ach chonacamar taispeántas san áit sin a thug oideachas dúinn, oiliúint ná bhfuaireamr ósna Bráithre ar scoil. Ní raibh a fhios againn ag an am ach bhíomar i chomhluadar fhir a raibh cáil bainte amach aige i dtionscal an ghnéis, bhí clubanna “Gentlemen Only” bunaithe aige i ngach hoerenbuurt ar fud na h-Ísiltíre, agus magaisín craicinn; “De Hoostler” foilsithe aige i dteangacha éagsúla.

I ndiaidh cliseadh néaraigh tháinig aithreachas ar Hans Heindrick as an mbealach ar thuil sé a shaibhreas. D’dhíol sé a ghnó le Meireacánach, a d’fhoilsigh an magaisín i SAM faoin teideal Béarla, “Hustler”. Thug Hans Heindrick an chuid is mó dá rachmas do dhreamanna carthannachta éagsúla. Ar nós a lán Ollanaigh eile a bhí ag iarraidh éalú ó saol strusáilte na cathrach ag an am tháinig sé go dtí iar-dheisceart na tíre seo. Cheapadar gur sórt Shangri-La glan neamhthruaillithe a bhí ann. Chuir Hans Heindrick faoi i bpaiste beag talún i gceantair Gúgáin – bhí leagan Ollanais de “Tailor & Angsty” léite aige, de réir dealraimh. Thosnaigh sé le brú beag, ag soláthair bia orgánach agus deochanna folláine déanta as luibheanna logánta. Thugadh sé suathaireachtaí freisin, cé nárbh ionann iad agus na masáiseanna a bhíodh ar fáil i “Gentlemen Only”. Tar éis tuairisc moltach faoi i bhforlíonadh an Sunday Times agus agallamh ar an Late Late Show bhí an-thóir go deo ar an áit. Ansan d’athraigh an brú ó lóistín bunúsach go feirm sláinte shómásach le jaccuzíanna agus gach saghas trealaimh nua-aimseartha sa gym le caoinchabhair an Údaráis.

Chonaic Hans Heindrick glic oscailt eile sa mhargadh ansan, nach raibh tionscal na h-oilithreachta ach ag freastal ar an rannóg saor buiséadach. Chuir sé pacáistí oilithreachta ar fáil le turasanna go dtí Airigeal an Ghúgáin, Baile an Spidéil, agus toibreacha beannaithe ar fud na h-áite. Anois bheadh tú i ann do chorp agus d’anama a ghlanadh ag an am céanna, meáchan agus peaca a chailliúint le chéile. In imeacht aimsire bhí Hoostler Country Clubs in aice le gach suíomh oilithreachta sa tír, Cruach Phádraig, Cnoc Mhuire &rl., díreach mar a bhíodh clubanna “Gentlemen Only” i ngach ceantar soilsí dearga san Isiltír tráth.

Ach níor chuaigh mo bhean go dtí an Gúgán i mbliana, tá sí ag fanúint san Hoostler Body and Soul Regeneration Country Club i Medjugore, Bosnia.

Agus conas a bhí fhios agaibh go raibh sí ar oilithreacht anois in ao’chor?

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall.

Míshásta agus Drochgheilge an Idirlíon (Na hidirlíne?)

Fainic, ní féidir brath ar an idirlíon, níl smacht ar bith ar an saghas ruda a fhoilsítear ann. Fuaireas amach le déanaí go bhfuil daoine ag baint (mí)úsáid as “Chetwynde Downes” mar ábhar foghlamtha ar Gaeilge-B. 
[1] Píosa alright atá inti, táim a rá leat, agus na cosa atá fúithi, phew!! > http://www.padraig.de/Chetwynde_downs/chetwynde_downs7.html
Tim:
You err. "píosa alright atá inti" is not an example of "tá X inti", "she is a [learner, teacher, etc.]. Moreover, the source is unreliable:
tá an oiread sin earráidí ann -- it's got so many errors. It's on the Web, but it's not correct.

Níor cheapas riamh nuair a thosnaíos ag scríobh tuairiscí beaga mar sórt síciteiripe chun éalú ó strusanna an tsaoil go mbeadh mé ag chur Gaeil-Phoncáin ar strae agus iad ag iarraidh slí shábháilte a sheoladh trí carraigeacha contúirteacha agus sruthanna sracacha in uiscí uamhnacha an ghramadaí.

A Phádraig na Gearmáine, b’fhéidir gur chóir duit forógra a chur roimh na scéalta ag tabhairt rabhadh do léitheoirí nach bhfuil caighdeán na teangan údárásach. Mar a dúirt Dale Chock; “tá sé ar an idirlíon ach níl sé ceart, tá an oiread sin earráidí ann, the source is unreliable”.

Agus cad tá an rialtas ag déanamh chun deileáil leis an rabharta droch-Ghaolainne ar an idirlíon. Ba chóir do Máire Ní Cochláin gníomhú láithreach agus coimisiún a bhunú le teangeolaithe agus ionadaithe ósna eagraíochtaí Gaeilge éagsúla agus ósna Gaeltachtaí agus Cur-i-nGéilleachtaí, chun taighde a dhéanamh ar an gceist phráinneach seo.
Ansan tar éis dian-staidéir agus plé níos déine, d’fhoilseódh an coimisiún tuairisc sealadach ag moladh go mbunófaí coiste chun an fhaidhb a iniúcadh.
Ansan tar éis dian-staidéir agus plé níos déine do chuirfeadh an coiste moltaí faoi bhráid na Dála. Ansan chuirfeadh an Dáil coiste ar bun chun na moltaí a scrudú.
Ansan tar éis dian-staidéir agus plé níos déine do chuirfeadh an coiste fo-choiste ar bun chun dréacht-pháipéar glas a ullmhú.
Ansan tar éis dian-staidéir agus plé níos déine do chuirfeadh an fo-choiste an dréacht-pháipéar ós comhair an Aire. (Bheadh Máire ní Cochláin curtha amach ar pinsean faoin am seo)

Ach in ionad an mhaorlathais seo go léir tá réiteach níos símplí agam. Ba chóir do Fhoras na Gaeilge cigire oilte a fhostú chun measúnú a dhéanamh ar Ghaeilge an idirlín. Do thabharfadh sé/sí grádú réalta do gach teachtaireacht i nGaeilge cosúil leis an gcóras atá ann dosna óstáin. Rud éigin mar seo leanas:

San idirlinn, ar an idirlíon, is féidir “Chetwynde Downs” a úsáid mar mhalart chomórtais do “Spot the Ball” - - “Aimsigh na h-Earráidí”, agus táid ann cinnte, creid nó ná c(H)reid, agus roinnt meancóga maightí mochta do-mhaite ina measc.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Fáilte roimh cheartúcháin i gcónaí