Ceapann a iníon go bhfuil Míshásta cosúl le J.H.R.(22 Eanair 2000, 7:14 i.n.)
"á Dhaid" arsa Jocelyn liom ar maidin, agus mé ar mo tríú cupán caifé, ní
bhíonn fonn cainte orm go dtí go mbíonn an tríú ceann ólta agam.
Jocelyn,
ise an t-aon ball dem ochtar clainne a bhíonn cúpla nóiméad le sparáil aici
chun caint liom anois is arís. "A Dhaid", ar sise is í ag gáire is ag
stánadh go géar orm, tá tú níos measa ná Jackie Healy-Rae". What?. "Cad tá á
dhéanamh agat le do chuid gruaige, in ainm Dé, tá sé go h-úafásach ar fad, í
á ligint fada ar thaobh ámháin agus ansin plastarálta go dtí an taobh eile.
Beidh na comharsana ag gáire fút. Ní chóir duit bheith náirithe mar go
bhfuil tú ag éirí maol". Ag éirí maol?, tá mo chlár éadain ag cúlú
beagáinín, sin a' méid. "Níl tú chomh aosta sin" lean sí, "ba chóir duit do
chuid gruaige go léir a choimeád an-ghearr, d'oirfeadh sé sin dhuit, sin í
an stíl atá i bhfaisean faoi láthair. Nó b'fhéidir do cheann go léir a
bhearradh lom, bheadh tú ag breathnú an-sexy ar fad". Bhuel, tháinig mé
isteach anseo go dtí mo oifigín, gan focal a rá, is tá mé ag sulkáil ó shin,
ag iarraidh an scáileán a úsáid mar scáthán ó am go chéile, is ag piocadh ar
mo ribí. Tá mé thar n-ais ar na toitíní arís. "Ag éirí maol", "níl tú chomh
aosta sin", stíl Jacky Healy-Rae conas tán tú. Seachtain ó shin, dúirt sí
liom gur léir go rabhas ag dul tríd an male menopause.
Cad ba cheart dom a dhéanamh, cáibín a chaitheamh??, peiriúic??.
Uainn go léir anseo i "Chetwynde Downs" -- Slááán Tamall.
Neart eolas faoi chlann "Mhíshásta
GRMA a Bhradhnaí. Cén fáth ar thugaimear Jocelyn
uirthi?. Bhuel, seo mar a tharla. Lá amháin, naoi mbliain déag ó shin bhí
mise is an bhean ag suí chois TV. Baineadh preab úafásach asam nuair a
scread mo bhean amach; "tá sé ag teacht". Cé tá ag teacht?. "An béibí". "An
béibí?, an bhfuil tú cinnte?, seachtain roimh ama?". "Cinnte dearfa, nach
raibh triúr agam cheana?, caithfimid an oispidéal a bhaint amach
láithreach". Panic!!.
Away linn sa sean-renault 5, faoi lán luas, i dtreo an
Maternity. Ní rabhamair ach leath-slí ann nuair a stop an cárr. Oh no!, am
mar seo agus gan aon peitreal fágtha sa tainc. Léimeas amach sa bhóthar, ag
croitheadh na lámha is ag béicigh. Stop cárr le scréach coscán. Limousine
dubh fada le fuinneoga dorcha a bhí ann. Osclaíodh an cúldoras, chualamar
glór Meiricánach; "Get in". Isteach linn agus away i dtreo an Maternity ar
luas lasrach.
In anneoin an strus agus an panic a bhí orm, thugas faoi
ndeara an cúl fairsing sómasach, duine amháin eile a bhí inár dteannta. Ban
álainn a bhí inti, folt fada órbhuí uirthi, a guailline is bárr a brollach
nochtaithe, í fáiscthe isteach i ngúna cúng fada, scoilt árd ag taispeánt
cos dea-chumtha. Aghaidh chlaisiceach de bhandia Gréagach.
Ach an aghaidh
sin?, .. rud faoi?, .. n'fheadair, .. rud éigin?, familiar?, ..
aithnidiúil?.
Ach bhí an Maternity bainte amach againn, gaibheamair
buíochas, d'imigh ár slánaitheor mistéarach agus tamaill beag ina dhiaidh
saolaíodh iníon folláin dúinn.
Phew, chaithfad anáil a tharraingt. Tódóg ó
éinne?.
An lá dar gcionn, cad a bhí ar leathannach tosaigh an Examiner ach
griangraf mór de phaisinéar an limousine agus ceannlíne taobh leis;
"HOLLYWOOD STAR ACTS IN ROLL AS GOOD SAMARITAN"
agus cúntas iomlán faoinár
n-eachtra. Bhí an ban-aisteoir, buaiteor de 2 Oscair, ar a bealach don
oscailt oifigiúil den Fhéile Scannáin Chorcaí (an ceann idirnáisiúnta),
b'ise an príomh aoi, nuair a tháinig sí ar an "distressed couple". Anois,
b'fhéidir go bhfuil tusa ag smaoineamh nach bhfuil anseo ach fantaisíocht,
mar nach raibh aon ban-aisteoir Hollywood ann leis an ainm Jocelyn
Rud-éigin; n'fheadair a' raibh nó nach raibh, agus nílim á rá sin. Ach creid
nó ná chreid, an oíche roimhe nuair a bhíomar ag féachaint ar sobal
Meiriceánach, cé tháinig ar an scalláin, ós ár gcomhair amach, ach aghaidh
ár Good Samaritan, ina ról mar an príomh caraictéar; "Jocelyn", díreach
nuair a bainfeadh geit úafasach asam agus scread mo bhean amach; "tá sé ag
teacht".
Do dara cheist, a Bhradhnaí; ainm an leaid aerach?. Jonathan atá
air, nó Seánán mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé ag
gaeilgeoireacht. Agus cén fáth Jonathan?. Tar éis a shean-athair: Johnny Dan
Mike.
Uainn go léir anseo i "Chetwynd Downs" - - Slááán Tamaill.