Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

Chetwynde Downs - Páirt 1: Genesis

Suíomhanna Mímhorálta Posted by Míshásta on Friday, 14 January 2000, at 11:36 p.m.

A dhaoine uaisle agus a dhaoine ísle, do dheineas infheistíocht mhór le deanaí; cheannaíos ríomhaire nua. Chomh luath is a bhí mé ceangailte leis an idirlíon, do chúas ar tóir suíomhanna craicinn. Bhuel, an díoma a bhi orm nuair a fuaireas amach go rabhadar go léir ag lorg uimhir mo chárta creidmheasa. Ba chóir go mbeadh daoine ar an eolas faoin fhadhb seo, sara dtéann siad amach ag caitheamh carn mór airgid. An bhfuil an rialtas ag déanamh aon rud chun áird an phobail a dhíriú ar an bhfadhb seo? Ar aon nós, away liom ag cliceál ar fud na cruinne trí gach saghas suíomh, ait is aisteach, go dtí go shrois mé CUMASC agus daoine ag déanamh cumarsáid i nGaolainn. Dar fia! an bhfuil an teanga beo fós. Agus cad a bhí á plé acu? - iad ag cnáimhseál is ag gearán, agus ag éileamh cearta agus foirmeacha i nGaeilge, agus ag caitheamh anuas ar Sheóiníní córa. Tá sé níos measa ná R na G, níl in easnamh ach ceol daidil ídí. Tá mé ag dul thar n-ais go dtí an suíomh chraicinn. Anois, cá bhfuil mo chárta creidhmheasa???

Conas A Déileálann Míshásta le Fógraí ar Chumasc ??

21ú Fhéile Idirn. Chorcaí Posted by Gael-taca on Saturday, 15 January 2000, at 1:23 p.m.

21ú FHÉILE IDIRNÁISIÚNTA CHORCAÍ Comórtaísí Scannán 7 Fis-téipe.

Seo é an chéad uair a mbeidh rannóg Ghaeilge sa Bhféile seo a bhuí le GAEL-TACA, Helen Prout,(uachtarán na Fhéile) agus daoine eile. GACH EOLAS o Gael-taca@eircom.net no hprout@tinit.ie ta foirm iarratais ar fail Fón 021/304648 no 021/270136

Freagra Míshásta (15 Eanar 2000, ar a 6:05 i.n.)

Ah, Gael-Taca, tá sibh ar an bhfód fós. Tá cathair Chorcaí scriosta agaibh, le bhur gcomharthaí Gaeilge. An "Teach" seo is an "Teach" siúd. Tigh, sin é an focal ceart - "TIGH". Tá sibh ag iarraidh Gaeilge Chonamara a bhrú siar ár scornaigh binn Mumhnaigh. Cé h-iad sibh, in ao'chor? An fíor go bhfuil baint agaibh le iar-chomhaltaí den CIA nó de Chumann Merriman nó dream éigin mar sin? Agus anois go bhfuil an áit truaillithe agaibh le bhur gcómharthaí cló-Gaelacha tá sibh ag tabhairt bhur nGael -tacaíocht do dhream atá ag iarraidh muid a thruailliú le porno-scannánaíocht. Do chonacas scannán-XXX ag an bhFéile anuraidh, trí uair in aghaidh a chéile, cé brocamas!! úúúgh. Impím ar mhór-uaisle agus cos-mhuintir Chorcaí an Fhéile Scannánaíochta a bhaghcatáil i mbliana. Tá sibh ag dul thar fóir an t-am seo, GT, thar fóir a deirim.
cc Kevin Myers

Ní Chreideann Bradhnaí gur féidir féachaint ar scannán mar sin 3 huaire i ndiaidh a chéile...

Trí huaire i ndiaidh a chéile?

Ach Tá Sé Fíor...

Sea.
Trí huaire i ndiadh a chéile. Gur' maith agat as do cheartúchán, ach má cheapann tú go bhfuil mo chuid Gaolainne go dona; tá mo Bhéarla níos measa fós. Ach, ar a laghad, tá níos mó den chéad teanga náisiúnta agam ná mar atá ag gariníon Dev, Aire na Gaeltachta, nó ná mar atá ag Bertie. Ach is baill iadsan de pháirtí oifigiúla an Chúpla Focal. Agus ag caint ar an pháirtí sin, an bhfuil aon bhaint idir an eagraíocht TACA a bhí ann sna seascaidí den aois so chaite agus Gael-Taca den lae inniu???

---Míshásta fós.

Ní thuigeann An Breatnach cad is brí le "Satire" ann...

Seansálaí atá ionat go deo, ná fuil faic maith le rá agat fé ao' rud in aon chor? Muna bhfuil suim agat sa bhféile, bíodh mar a thá, ach ní theastaíonn uaimse (nó éinne eile déarfainn) éisteacht le do chuid cacmais 's do chuid eachtraí a bhainneann le scannáin atá feicthe agat. Maidir le do chuid ráméis mar gheall ar Gael Taca, Ni féidir liom ach seo a rá: 'Is fearr Gaeilge briste, ná béarla cliste..........'

An Breatnach

Déanan N.Pádraig (No Relation) Iarracht An Ábhar a athrú

RE: An Body Shop.
An féidir liom trading-in a dhéanamh ar an gcorp seo s'agamsa agus model 2000 a fháil?

Ach Tagann Mahonaí arais go dtí an pointe!

Gaolainn bhriste, fiú! (Nílim ach ag scoitseáil)

Ach Tuigeann Ariel Cad Tá i gceist ag Míshásta

tongue in cheek ~ rud eicint a bhaineann le "leathphluc", no 'bhi a theanga 'na leathphluc aige', no rud eicint mar sin - ta mo chuid leabhar UILEAG thiar in arainn fos! ar aon chaoi, go mba mishasta go brach thu agus guim gach uile drochrath go deo ort go leana tu leat mar ata... mar a deirfea..

HAW HAW HAW HAW HAW! dala an sceil - ta se ag cur baisti ARIST i sydney (na samhraidh bhreatha mar dhea..)

Tá Míshásta Uaigneach

An-chiúin anocht. Aon spéirbhean ag lorg rómáns??

sbearybhean Freisin

bhuel, boodyhoo hoo hoo, ta mo bhuachaillse i stat glan eile uaim faoi lathair: (agus ni bhfuair me sceal ar bith uaidh o d'imigh se! :( :( ach ni fheadfainn a ra go mbeadh ro-mhuinin agam as t'ainmse, mar ce mar a bheadh fear siormhishasta in ann bean ar bith a shasamh?;)

Tugann Spéirbhean misneach dóibh

Bheul.....
bain trial arís as...

Tá Míshásta buíoch as an freagra ó sbearybhean

Spearybhean, a ghrá geal mo chroi. Gur' míle míle maith agat as do fhreagra. Bhíos ag siúl le diúltú iomlán arís, mar is gná im shaol ainnis, mar is fear diúltach mé comh maith le míshásta. Éist, a chuisle, le mo scéal truamhéileach. Táim pósta le deachtóir de bhean chéile, a bhfuil níos mó suim aici i gcúrsaí religiúnda ná i gcúrsaí leapan. Ochtar clainne, mac aerach ina measc, agus gan meas madra acu ar a n-athair. Agus an madra, an t-aon chara atá fagtha agam sa saol, faoi bhagairt bháis ónár gcomharsa bhéal dorais, mar go mbíonn sé de nós ag an ghaidhrín bocht a phlasóg ghalánta a úsáid mar leithris. Agus nuair a dheinim iarracht éalú on bhrú seo agus dul go dtí an local, bíonn an áit plódaithe le lucht leanúna Man Utd is iad ag béicigh is ag bocléimt timpeall an bheáir. Agus anois agus mé ag iarriadh an idirlíon a usáid mar síciteiripe, tá Gaeilgeoirí na cruinne ag teacht sa mhullach orm, dom mhallachtú agus ag caitheamh anuas orm. Ní nach ionadh, go bhfuilim míshásta. Bí ag caint ar shaol Pheig. Spearybhean, a chroí, táim cinnte go mbeadh tú in ann mo mhíshástacht a mhaolú, agus do dheanfadh mé mo dhícheall chun tú a shásamh (cé go bhfuilim beagáinín as cleactadh, ach sin scéal do lá eile) ach faraoir ní cheadódh an deachtóir, mo bhean, aon rud mar sin.

:-( :-( :-( ó Míshásta i ngrá freisin.

Ar sheól Míshásta a scéal chuig foilsitheórí?

A Uasail Mí-Shásta, a Chara,

Táimid buíoch díot as ucht d'úrscéal nua, 'Saol Madra', a sheoladh chugainn. Is oth linn a rá nach bhfuil brath againn é a fhoilsiú. Tá an plota ró-choitianta, an scéal ró-fhada, is níl na príomh-caractéirí an-spéisiúil. Mar sin féin, bheadh áthas orainn cloisteáil uait arís. le meas,

Ebeneezer J. Flood,
Republic of Ireland Rejection Dept,
Penguin Books

Agus anois Tá lagmisneach air freisin!

Oh No!! Diúltú eile. Agus díreach nuair a cheapas go raibh athrú ag teacht ar mo rath. Ar a laghad, ní raibh aon tagairt ann do chaighdeán mo chuid Gaeilge.

Ach tá fadhb ag Mise (Also no relation) le Caighdeán Ghaeilge Míshásta

mar a deirfeá i mbearla "it was sh1te "

Tá Míshásta buíoch de Mise

Gur' maith agat as do léirmheas cuimsitheach

Níl Sbearybhean Uaigneach a thuile

bhuel ta beagan de shasamh faighte agamsa faoi dheireadh, ghabh mo bhuachaill leithsceal liom as gan aon sceal a chur agam le seachtain, agus beidh novella seirce seo an tsamhraidh faoi lan tseol go luath arist. Maidir leat fhein a thruamhain a' mhishasaimh, na cuireadh na diultaiochai seo as duit, faigheann chuile dhuine iad o am go cheile - bheadh speis agam e a leamh ar aon nos, biodh se maith, olc no iontach. (agus ta gaeilge bhrea agat)

Níl an saol chómh crua le éinne is atá le Míshásta

Gearáin - cad eile? Posted by Gobnait on Tuesday, 18 January 2000, at 10:26 a.m.

Na f-ing meáin Ghaeilge arís. Bhí mé ag fanacht le féachaint ar Idir Mhagadh is Dáiríre ar TG4 aréir - bhí sé le bheith ar siúl ar 11.15 ach níor thosaigh sé go dtí tuairim is 11.45pm. Ní rocket science atá i gceist ar cláracha a chraoladh ag an am ceart - is féidir le gach stáisiún eile é a dhéanamh. Ansin bhí mé ag tiomáint sa charr níos luaithe ag lorg Raidió na Life agus ní raibh sé ar fáil ar chor ar bith. Agus bhí mé ag éisteacht le Raidió na Life le déanaí agus chuala mé an clár céanna don triú huair - Eithne Ní Dhúill ag cur agallamh ar Marion Mc Keon faoina laethanta saoire i Meiriceá. Agallamh suimiúl go leor an chéad uair a chuala mé é - ach an triú uair? Bíonn rudaí maithe ar TG4 agus ar Raidio na Life - ach is rudai cuiosach basic iad seo ceapaim.

Tá sé níos measa ag Míshásta

Sibhse thuas ansin sa Pale, Cad mar gheall orainnse thíos anseo sa deisceart - níl faic againn. Nílim in ann TG4 a fháilt in ao'chor, pé locht atá ar an staisiún. Níl ar RnG an chuid is mó den ama ach sean-nós leadránach agus nuacht faoi potholes Chonamara. Agus anois tá RTE chun deireadh a chuir leis an radio áitiúl Béarla i gCorcaigh. Agus ceapann sibhse go bhfuil cúis ghearáin agaibh. Dá mbeadh na fadhbanna pearsanta agaibhse is atá agamsa.... Ochtar clainne (mac aerach in a measc) agus gan meas madra acu ar a n-athair. An mac is sinne, m.sh., Charles ("call me Charles, I don't fancy Charlie", eisean) tar éis jab maith a fhágaint ina dhiaidh, agus anois ag campáil ar an trá in áit éigin iargúlta san Ástráil, ag surfáil sa ló is ag chóisireacht san oíche, ag ligint air fhéin go bhfuil sé in a bhall de Baywatch. Taithí oibre, mar ea. "Dad, I need some time out to consider my options". A léithéaid de shotal, agus tar éis an t-airgead go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha. i

Mol an óige... conas tán tú??

Ach ní bhíonn drochgiúmar ar Míshásta i gónaí

Dámh-sgoil Mhúsgraidhe Posted by Mahonaí on Wednesday, 19 January 2000, at 10:16 p.m.

A Cháirde na hÉigse, 'raibh éinne agaibh i gCúil Aodha don nDámh-sgoil? M.

Freagra Mhíshásta

Conas taoi? a Mhahonaí. Ní rabhas fhéinig ann i mbliana. Ach ar fhacaís an scannán fúithi anuraidh?, ag an bhFéile Scannáin Chorcaí (an ceann Idirnáisiúnta) le fo-theidil i nGaolainn Mhúsgraí, "Dead Poet Society". - Ouch!! - Nílím ach ag scoitseáil??. Tá súil agam gur éirigh thar barr léí(leis?)

Eoin Rua a' bhéil binn ó Míshásta

Tuigeann Mahonaí spraoi...

Nótálta baidhe!

Gradam Do "Míshásta"

Tá a fhios agam go bhfuil sé pas beag luath, ach molaim Mí-Shásta i gcóir gradam Cumascóir na Míosa. Tá súil agam áfach nach sásaíonn sé sin é agus go leanfaidh sé air ag tabhairt (mí) s(h)ásaimh dúinn go léir!

N Padraig

ach níl gach duine sásta faoi

Stop. Ceard fumsa?

agus Tá Daoine eile...

gheofaidh se mo bhotasa.

An Dara Ghradam do "Mhíshásta"

Sliocht as Tuarascáil - Irish Times - SÉANANN MÍSHÁSTA RÁFLAÍ (Dé Luan, 17 Eanair 2000,)

Níl aon bhunús leis na ráflaí mailíseacha milaoiseacha atá ag gabháilt thart fúm, adúirt Míshásta i bpreas ráiteas aréir. Dúirt Míshásta go raibh daoine ag rá go raibh sé baráilte as a local taréis dosna custaiméirí é a thogha mar "Pub Bore na Malaoise". D'admhaigh sé áfach go raibh míthuiscintí idir é féin agus úinéir an tí, ach go raibh siad réitithe anois. Dúirt sé go raibh sé tar éis gealúint a thabhairt nach bheadh sé ag ardú clampair is ag caitheamh a ladair isteach i ngach cómhrá sa bheár, mar go mbeadh sé in ann rudaí mar sin a dhéanamh ar an idirlíon anois. Glac sé freisin go n-íocfadh sé as an damáiste a bhí déanta don chomhartha. Shíl mé, adúirt fear a'tí le Tuarascáil, go rabhas ag déanamh rud fónta ar son na teangan, nuair a d'iarr Gael-Taca orm comhartha i nGaeilge a chrocadh suas, ach anois tá Gaeilgeoirí ag teacht isteach chugham gach lá dom mhaslú agus ag glaoch ar an nguthán ag gearán faoin litriú. Agus, in ionad bheith ag argóint faoi Man. Utd. v Chelsea, tá na custaiméirí anois in achrann faoin Cló Gaelach v Cló Rómánach. Dúirt Míshásta go raibh saoirse cainte ag gach éinne ach go m'fhéidir gur chuaigh sé féin thar fóir nuair a thug sé canna de spré péint agus d'athraigh sé "Teach Tábhairne" go "Tigh Tabhairne"

Déanann Míshásta níos mó taighde faoi

An-mhíshásta leis an easpa response don ábhar "Pub Bore na Milaoise", 17/1/00 Ca'n'thaobh?. Arbh é:-

Gheobhaidh an chéad bhuaiteoir as an mála, cóip sínithe saor in aisce de dréacht de mo úrscéal nua "Saol Madra".

Ó Míshásta i mbun taighde

Tá an freagra ag fear Feasa

Siondróm TG4. Níl ach cúigear againn ann, sinn ag coimeád trí nó ceithre ainm cleite an duine ar siúl an t-am ar fad. Ach ná bí ró-bhuartha. Tá go leor léitheoirí anseo nach bhfuil an Ghaeilge acu chun bheith páirteach ach a dtaitníonn an clár plé leo.