|
Stair an leathnach seo
Uaimse:
Smaoineamh a tháinig chugam le tamall anuas. Is mór an trua é go mbíonn sobalchlár mhíshásta, Mrs. Pender agus aroile caillte taréis mí nó dhó ar an chlár plé seo. An
bhfuil archive de shaghas éigin agaibh le sean chóipeanna de bhfur neachtraí?? Ba bhreá
liomsa an stuiff sin a chuir suas ar leathnaigh idirlíon dos na daoine nach dtagann ró
rialta go "chumasc" an mbéadh fadhb agaibhse le sin ??
Ó Chorca Muirchid:
Ní bheadh. Ach n'fheadar faoi na Chetwynders. An mbeadh ceisteanna cóipchearta acusan?
Uaimse Ó Mhrs Pender (Nach maireann)
Mrs Pender, Pender Holdings Ltd
So tá tús déanta agam ar an obair. Agus tá an modh seo agam an scéal a insint.
1. Tagan na scéalta i gCumasc i snáithead. Sé sin tagann teachtaireacht,
ansin freagra ar an teachtaireacht agus mar sin de. Tá gach foth-scéal agam mar
caibidil le Teideal i scríobhnóireacht mór. Tosnaíam an scéal leis an chéad
teachtaireacht agus leanann an scéal go dtí an teachtaireacht deireannach.
2. Úaireannta " Cabhraíam " leis an scéal tré foththeideal a chor suas
i litreacha níos mó ná an ghnáth téacs
3. Tá na scéalta is nuaidh chun Tosaigh agus na scéalta is sinne áit éigint ar chúl.
4. Bíonn Fógraí, Nótaí poiblí 7rl. sa dath seo
Tá an galar Crúb agus Béal i Chetwynde Downs
Anois is an chéad cás den ngalar crúb is béal cinntithe i gChetwynde Downs, beidh na rialacha seo a leanas i bhfeidhm:
-- Deireadh le seirbhís bus idir Chetwynde Downs is Bloc an Phiarsaigh. Cuirfear seirbhís ar leith ar fáil chomh fada le geataí an Shadey Bowers Retirement Home, ach ní cheadófar ach do ghaolta a lucht cónaithe úsáid a bhaint as.
-- Deireadh le fiach na ngiorraithe
-- Deireadh leis an ngolf ar an Erskine Childers Memorial Course
-- Dúnfar clun oíche Trixie's go sealadach
-- Cuirfear na ranganna seachtainiúil (Self-Improvement & Shiatsu) ar ceal.
-- Chuile ainmhí le coinneáil laistigh de theorann a thigh.
Na Gárdaí Ach Tá Revelutionaries go leor i chetwynde downs beidh mórshiúl ar siúl Dé
Domhnaigh sa chearnóg i Chetwynde Downs in éadán lámh
láidir na nGardaí. Tugaigí libh bhur gcuid cairde,
agus beithigh ar bith más mian libh, go háirithe má
tá crúb agus béal acu (cuirfear an galar ar fáil saor
in aisce ar an lá).
Níl aon rud le cailliúint agaibh ach £5 billiún
punta.
Agus Revelutionaries
nach féidir leo Siúil Cumann Chathaoir Rothaí Chetwynde
Downs
Agus Daoine atá Mórálach in am an práin....
Downs
...agus Corca Muichid
Posted by Aine on Tuesday, 20 March 19101, at 8:29 p.m.
Is cuimhin le Mrs. Pender (Nach Maireann) nuair a bhí sí óg.
Mrs Pender
Agus tá fadhbeanna eile ag Chorca Muichid.
Tá na pendershites ar ais. Fan glan ar an an ngalar.
Ach is féidir le Míshásta
Caithfidh mise a rá go bhfuilim BORED as mo mheamhar le gach dial rud chomh
maith. Táim BORED leis an local agus é plódaithe le lucht leanta Man. U. Táim
BORED leis an mbeoir uaine agus leis na cultacha leipreachán a bhí timpeall.
Agus táim BORED leis an dteachlach míbhuíoch seo againne.
Bhí Clarissa (an iníon is óige) ag gearán Lá le Pádraig; " Ó, a Dheaid, tá an
paráid curtha ar ceal, táim chomh BORED. " " Nach féidir leat dul amach sa
gháirdín ag súgradh. " " No, ní féidir, tá an aimsear go h-ainnis. " " Bhuel, cad
faoin telefís? " " Á, níl faic ar an mbosca, tá sé chomh BORING. " 35 cainéil, agus
níl faic ar an TV, hhmmph! " Nach féidir leat éisteacht le do CDeanna de
Westlife? " " Ó no, táid chomh BORING, níl ann ach ceol do pháistí " Dálan scéil,
níl Clarissa ach 9 mblian d’aois. Agus tar éis an mám mór airgid a chaitheamar
ar an gcnuasach CDeanna céanna, táid BORING anois.
Agus is dócha go raibh an mac is sine, Charles BORED nuair a d’fhág sé jab maith
ina dhiaidh chun dul amach go dtí an Ástráil. ( " Call me Charles, I don’t fancy
Charlie " , eisean.) Agus déarfainn go bhfuil sé BORED anois, is é in áit chomh
iargúlta nach bhfuil fáil fiú amháin ar ríomh-phost, é ag surfáil is ag pumpáil
iarainn de ló, is ag cóisearacht istoíche, ag ligint air fhéin go bhfuil sé in a
bhall de Bhaywatch. Agus tar éis an t-airgead go léir a chaitheamar ar
scoileanna príobháideacha.
An t-aon duine sa tigh seo nach mbíonn BORED i gcónaí is í mo bhean. Bíonn sí
chomh gnóthach le aifrinn, nóibhéiní agus oilithreachtaí nach mbíonn an t-am
aici chun bheith BORED. Agus Long John, mo jeaicín russell leath-shúileach,
déarfainn nach dtuigeann sé an focal BORED, is é ar phatról timpeall an eastáit
ag bolú na madraí baineanna, ag cartadh is ag BORING poill sna bláthcheapaigh,
is ag ligint a rollóga ar phlásóg mhainiciúrálta mo chomharsan bhéal dorais.
Agus sa deireadh thiar thall, táim BORED leis an gclár neamh-phlé leamh-phlé
seo.
Cad é an Gaolainn ar "BORED"?
Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall
...agus Mrs. Pender (Nach maireann) Déileáil leo
Mrs Pender
Ach tá Náimhde eile acú John
Agus Cáirde... Ebenezer
Agus cáirde eile... an freastalaí
Agus náimhde eile... Séamas
Ach mar a dúras, is féidir le na Chetwynders Deighleáil leo
Ach b'fhéidir go bhfuil rud eile taobh thiar den chnáimhseál leanúnach faoi Mrs. Pender (nach maireann), Tuigeann sibh
gur meafar í don Gaeilge (nach maireann) agus tá sé seo ag cur strus dofhulainthe oraibh. B'fheidir gur cóir daoibh
cuairt a thabhairt ar www.stressmanagement.org. Tá leabhar ar an seilf anseo os mo chomhair: (in aice leis an lámhscribhinn
de "Useless Eulogies") "Conas Déileáil le Fraoch Idirlín", le fáil ar iasacht. Molaim leabhar eile duitse, a John, óir nach
bhfuilir in ann do thuairimí a nochtadh dúinn i dteanga an chláir seo; "Teach yourself Irish" le Dillon & Ó Cróinín, bunaithe
ar Ghaolainn bhinn bhlasta na Mumhan - ná bac leid an leabhair le Ó Siadhail, níl ach canúint Chois Fharraige ansan.
Anois tá an strus ag cur isteach orm fhéin ón teannas agus ón naimhdeas a bhraithim ag madhmadh on scáileán anuas chugam.
Tá an bonzai sa chúinne thall ag caochadh súl orm, rud a chuireann imní orm, mar tá sé marbh leis na blianta, muerto, mort,
morto, nekros, ar shlí na fírinne, chomh marbh le Mrs. Pender (nach maireann), chomh dead leis an ndódó. Do mharaigh an teas
lárnach an planda bocht nuair a thógas isteach ón gáirdín é. Ach anois tá sé ag sméideadh orm is ag séideadh póg im' threo,
b'fhéidir gur sí in ionad sé atá inti?. Agus tá na fallaí ag cúngú isteach, ag bagairt fáisceadh orm. Caithfead éaló.
Ach amuigh faoin aer, tá an grian ag damhsa, tá smólach ag cantain ar chraobh, páistí ag súgradh, agus Long John, mo jeaicín
russell leathshúileach dílis ag fanúint orm chun é a thabhairt ar siúlóid.
Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall
Agus Tá a cháirde acú
Dála an scéil is fada ó chualamar faoi do bhean is do pháistí - an ghé aerach san áireamh
|
||||||||||||