Home
Mo Ríomhairí
Mo Ríomhairí

Conas ar tháinig an cluiche gaelach "Croquet" chuig Chetwynde Downs

A Chorca Muichid, nach bhfuil aon eolas agaibhse, Blocairi an Phiarsaigh, ar aon spórt taobh amuigh de sacair an Phremier?. Is mór an difríocht idir chruicéad agus cróice. Tá an cuairt oidhreachta ó Leighton Pomeroy go Chetwynde Downs curtha ar ceal de bharr an galar crúb & béal. Ní aithnítear go forleathan an tabhacht atá ag an áit seo le bunús an chluiche croquet. Siar san seachtú aois déag bhí an dúiche go léir seo i seilbh taoisigh darbh ainm, Mac Cártha na Croiche, nó Macarthy Cruckey mar ab fhearr aithne air i mBéarla. Fuair sé a leasainm ón nós a bhí aige, aon duine a chuir isteach air in aon tslí a chrocadh ar an bpoinnte. Chaith sé tamall in airm na Frainnce agus nuair a tháinig sé thar n-ais thosnaigh sé ag imirt cluiche aisteach a d’fhoghlaim sé sa tír sin. Le linn an chogaidh i lár na h-aoise, bhí air teitheadh tar éis dó na mílte namhaid a chrocadh. Chuir sé faoi sa réigiúin Cognac inar bhunaigh sé tionscal an bhranda agus tá a shliocht ann i mbun an ghnó sin fós. Tá a dtrádmharc; croch, le feiscint ar bhuidéil an Cognac “Croquet” V.S.O.P.

Ghlac na Chetwyndes seilbh ar thailte Mhac Cartha na Croiche. Chuir na Chetwyndes suim i gcluiche aisteach a bhí á imirt ag na searbhóintí, cluiche a tháinig ó Macarthy Cruckey dar leo. Bhaist na Chetwyndes “Cruckey” ar an gcluiche, leath sé go dtí na tithe móra ar fud na tíre agus ansan go dtí Sasana agus aistríodh an t-ainm go “Croquet” faoi dheireadh. B’iad na Chetwyndes freisin a bhunaigh an “Royal and Ancient Croquet Club of St. Finbarre’s” – an chéad cumann cróice ar domhan. Do thugtaí “the RA” air tráth, go dtí gur tháinig míniú eile ar an ngiorriú sin.

Lámh le Chetwynde Downs tá paiste léibhéalta chothrom talún i ngort Connie Cooney’s ar a bhfuil gabhair na hippies ar iníor – sin an méid atá fágtha den chéad chúirt cróice ar domhan.. Do thugtaí “parknacruckey” ar an ngort sin tráth. Tá dair seanda mór sa pháirc sin a ghlaotar “the hanging tree” air. Deirtear nách fásann aon fhéar faoisna gcraobhacha. Sic transit gloria mundi.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

Corca is na deabhal mná

Ná tarraing Gloria Mundi isteach sa scéal seo. Is cinnte go rabhamar mór le chéile tráth den saol agus gur bhreá léi síob a fháil san Ford Transit nuair a bhí mé ag tiomáint don Chomhlucht McCarthy Meats. Ba dheas an fear é a hathair, -Iodáileach ó cheantar Siena a d'oscail siopa sceallóg nuair nach raibh aon fhear gnó bundúchasach sásta pingin a infheistiú sa Bhloc - ach níl aon fhírinne sa scéal gur liomsa a bhí sí sa Transit an oíche a fuair sí an taom uafásach goile agus go ndeachaigh sí chuig na Flaithis. Agus is ann atá sí i gcónaí, táim cinnte de sin.

Corca Muichid

The Naile Raye Quintet

A Phádraig na Gearmáine, conas taoi?, chuir do shuíomh i gcuimhne dom mo chéad chuairt ar an dtír sin blianta fada ó shin; mise agus mo Ghormachaí Míshásta Delta Blues Band ag déanamh gigeanna i gclubanna beaga ar fud na tíre. Níor éirigh ró-mhaith linn mar is cosúil go raibh an lucht éisteachta ag súil le h-amhráin ar nós na Clancies in ionad a leithéad B. B. King aistrithe go Gaolainn. Ar aon nós bhí árd am againn mar bhíomar óg is cuíosach soineanta. Oíche amháin i mbierkeller i Munchen bhíomar ag caitheamh síor na steiner ollmhóra lán den bheoir láidir aitiúil; bhíos dallta as mo mheamhar – ag rince thuas ar an mbord fada le roinnt daoine gléasta i lederhosen. Thiteas i ngrá leis an gcailín freastail is ansan thiteas ar fhleasc mo dhroma nuair a dheineas iarracht póg a mhealladh uaithi. Ach má bhi mise ólta bhí Néilí, ár seinnteor méarchláir lofa ar fad. Néilí Regan, fear séimh ciúin, a raibh biorán staonaire a spóirteál aige go dtí tamall beag roimhe sin. Cad a rinne sé ach giota beag de phápéar dorcha a ghreamadh faoina shrón, léimpt in áirde ar an mbord agus anonn is anall leis, lámh in áirde sa chúirtéis Naitsíoch, ag déanamh na coiscéime gandail, ar nós John Cleeve i bhFawlty Towers, is ag glaoch amach; " Heil Hitler " agus " Deutschland uber Alles " . N’fheadar conas, ach d’éiríomar éaló idir cleith is ursain.

Nuair a thángamar abhaile bhí orm Néilí a ligint chun siúil mar chuaigh sé chun donais ar fad leis an ól. Bliain ina dhiaidh, bhí Néilí ar an tsráid, bocht dearóil, gan chara, gan dídean, ag caitheamh gach pingin ar alcól. Ach thárla míorúilt (scéal eile, ní chreidfeá é!); d’aimsigh sé Íosa, nó d’aimsigh Íosa Néilí bocht. Thug sé an pleids arís, d’iompaigh a rath, chas sé ar an snagcheol agus bhunaigh sé an " Naile Raye Quintet " . Ba sensation mór iad, nuair a thángadar ar an árdán, roimh Miles Davis ag an Cork Jazz Festival. Do sheinneadar i Ronnie Scott’s i Londain, i Monterey agus i Newport agus léim a albam; " Jazz for Jesus " go dtí barr na gcairteacha snagcheoil. Bhain sé úsáid as brabús an albaim sin chun an fhondúireacht charthannachta; " Jazz for Jesus " a bhunú. Vide www.jazzforjesus.com. Eagraíocht is ea í i gcóir ceoltóirí ar an trá fholamh. Bhronn an Pápa an teideal Cúnta air tar éis dó an chéad aifreann sa stíl snagcheoil a chumadh – Missa Jazzicana. Tugtar Count Neal O’Regan air anois. Agus nuair a thug an t-Athair Beannaithe cuairt ar an nGearmáin, do léigh sé an t-Aifreann le tionlacan ón Naile Raye Quintet os comhair Cairdinéil agus mór-uaisle in Ardeaglais an Frauenkirche i Munich gar don áit inar thriail Néilí an bierkeller putch blianta roimhe.

D’fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis ó chianaimh; " My Jazzy Road to Damascus " , ach tagairt ní raibh ann faoin eachtra meisciúil sa bierkeller ná don Gormachaí Míshásta Delta Blues Band lenar fhoghlaim sé a cheird ar dtús báire. Agus creid nó ná chreid nach bhfuil Néilí Regan / Naile Raye / Count Neal O’Regan ina chónaí anois anseo i gChetwynde Downs ag #85 " Jazzamatazz "

Uainn go léir anseo in #37 " Chetwynde Downs " - - - Slááán Tamall

 

Agus An fan-club

Ta Gormachaí Míshásta Delta Blues Band t-shirt agam féin i gcónaí, le pictúir den bhfear é féin. An bhfuil siad seo ar díol go fóill? Ta mo cheannsa éirithe sách batteráilte le síor-chaitheamh is bheadh spéis agam i gceann nua. Medium, glas, le do thoil.

An ceangailt atá idir Chetwynde Downs agus an "MIR"

N'fheadar an raibh fhios agaibh go raibh dlúthbhaint ag fear as Chetwynde Downs leis an spás arthách úd sin MIR. Mo shéan uncail Eoin Mac Eoin I atá i gceist dar ndó. Seo agaibh achoimhre an scéil, beidh an scéal iomlán mar leacht dem chuid ag an gcéad cruinniú eile de Chumann Staire Chetwynde Downs.

Rugadh Eoin Mac Eoin (nó Ibhan Ibhanobhitsch, mar ab fhearr aithne air) i 1890 ins san Ghabhail Mhór (Chetwynde Downs an lae inniú). Ar mholadh ó Shean Mhic Reamóinn, chuaigh sé in airm Shasana faoin ainm John Johnson i 1915, agus ina dhiadh sin bhí sé mar ghníomhaire rúnda sa Ghéarmáin (faoin ainm Hans Hannsen). Nuair a thosaigh an cogadh catharda san Rúis cuireadh anall é, agus faoin ainm Ibhan Ibhanobhitsch bhí sé ina ghniomhaire ag Sasana san airm dearg. Ach ba ghearr faoi thionchar Budjonny agus Trotsky go i ompaigh sé ina Chumannach, agus d'fhan san Kasachtsan chun cabhrú leis na Rúisigh an tionscal spáis a thosnú. I rith an dara cogadh domhanda bhí sé san Ghearmáin arís, ach mar gníomhaire Rúiseach, ag spíodóireacht ar Werner von Braun. Is éisean a thug an saineolas dos na Rúisigh as ar eascair na cláracha spáis, arbh í MIR a bhuaicphointe.

Breis eolas faoi Eoin.

Agus inis dúinn a Eoin, an bhfuil aon cheangailt idir thú féin agus an duine anaithnid sin "Karl Marcs" a bhí ag glaoch na daoine ar na sráideanna an domhnaigh seo caite ??

-- Padraig

Níl muise. Blow in é siúd. Ní féidir bheith ag brath ar na Marcs sin. Silím go bhfuil gaol aige sná Stáit darbh ainm Groucho a bhí de shíor ag magadh faoi daoine.

-- Eoin Mac Eoin III

An Fadhb iad na Chetwynde Downers?

Ós rud é go ndealraíonn sé nach bhfuil cuid de lucht úsáidte an chláir phlé seo sásta le teachtaireachtaí na bPenders, seans go bhféadfaí a theacht ar chomhréiteach:

  1. Ní chuirfidh na Penders agus Chetwynders isteach ar na comhráití tromchúiseacha (sin féaráilte th'éis an tsaoil - ní libh amháin an clár plé)
  2. Eireoidh lucht cáinte na bPenders as an ngearán - is furasta a aithint cé na teachtaireachtaí ó na Penders mar bhaineann siad úsáid as na hainmneacha céanna an t-am ar fad, mar sin, is simplí an rud é fanacht glan ar na snáitheanna (threads) sin. Céard a shíleann sibh?

Ní glacann gach éinne leis an túraim sin

A Labhrás, buíochas leat ar son do réitigh, is cé deir nach n-eireodh leis, ach measaim féin go bhfuil a lán atá an-dáiríre le rá ag lucht Chetwynde Downs. Táim féin gafa faoi láthair leis an obair is ní minic liom scríobh anseo, ach léighim a bhfuil le rá acusan, Míshásta, Mrs Pender. Corca Muichid, et al, i gcónaí, agus ceapaim go bhfuil sé de thréith acu gur féidir leo pointe shóisialta no fiú polaitiúil a dhéanamh ar shlí cliste grinn. Tá leithéidí eastáit bhréige Chetwynde Downs ag eirí in airde ar fud na h-Eireann, agus fiú má theastaíonn píosa áibhéil chun díriú ar a gcultúr siúd, is mór is fiú é, óir ná ligimis an saol nua airgeadúil seo tharainn gan léirmheas a dhéanamh air. Tá léirmheas tré ghreann chomh maith le bealach ar bith eile, agus níos inghlactha go minic. Ba mhór liom féin an chumas céanna sin a bheith agam.

Brón orm faoi fhaid na litreach seo, ach bím buartha faoin nGaeilge go mbreathnaítear uirthi mar theanga na dáríreacht, is nar chóir í a ligeann isteach i gcur is cúiteamh an ghnáth-shaol. Cinnte, pléigí cás na teangan is polaitíocht is cúrsaí an lae anseo, is fáilte rómhaibh. Ach tá liostaí Gaeilge eile ar an eadarlíon i gcomhair an bhfíor-dáríreacht, is measaim uaireanta gur anseo ar an gclár plé an t-aon áit a fheicim splanc an bheatha is meascán iontach an t-saoil.

Cormac

Ceithre rud is cúis leis na hionsaithe drochmhúinte a rinneadh ar mhuintir neamhurchóideach Chetwynde Downes le déanaí:

  1. easpa éirím intinne lucht a n-ionsaithe, rud a fhágann nach bhfuil faic le rá acu féin
  2. easpa samhlaíochta agus litearthachta lucht a n-ionsaithe, rud a fhágann nach bhféadfaidís cibé smaointe fánacha a rithfeadh leo a chur in iúl ar bhealach spéisiúil,
  3. easpa Gaeilge lucht a n-ionsaithe, rud a fhágann nach féidir leo na maslaí is leanbaí féin a scríobh gan an Béarla a úsáid,
  4. easpa féinmhuiníne lucht a n-ionsaithe, mar is maith a thuigeann siad ina gcroí istigh nach bhfuil iontu ach bobarúin bhaotha bhorba i gcompáid le háitreabhóirí acmhainneacha ardaigeanta Chetwynde Downes.

An Bráthair Ambrós

Agus athríonn corca muichid an ábhar

Ceart agat, Rósaí boy! N'fheadar an bhfuil aon ghaol idir tú féin agus an Br. Rósaí a chaith tréimhse i Meánscoil an Phiarsaigh atá gar don Bhloc. Ba é an duine ba neamhurchóidí den dream sin é agus ní dhearna sé aon rud as an tslí riamh. Níl 'fhios agam cá bhfuill sé anois. Chaith sé seal san Afraic Thoir dar le hiarscoláire eile ar bhuail mé leis le déanaí

Corca Muichid

Ach níl aon aithne aige ar an Bhrathair

Ní hea in aon chor - 'Brósaí Bromtha' an t-ainm ceana a bhíodh ag na buachaillí ormsa. Ach is minic a mheacstar mé leis an bhfear eile. Ní hamháin go bhfuil an t-ainm baiste céanna ormsa agus ar 'Rósaí', mar a thugann tú air (mo léan géar nár thuig uachtaráin an oird bunús an ainm sin nó go raibh sé ró-dhéanach!), ach b'éigean don bheirt againn aghaidh a thabhairt ar an Afraic leis (ar chúiseanna an-éagsúil, bíodh a fhios agat), agus, mar bharr ar an ndonas, is amhlaidh go bhfuil cónaí ar an mbeirt againn sa mhainistir chéanna le cúpla bliain anuas.

Ná ní raibh baint agam riamh leis an scoil a luaigh tú ach an oiread. I gColáiste Chaoimhín i mBaile na Cúlóige ar an dtaobh eile den chathair a chaith mé mo shaol múinteoireachta go léir in Éirinn. Agus is mé a bhí go sona sásta ann ar feadh cúig bliana déag. Faoi dheireadh an ama sin bhí an sruth lán-Ghaeilge faoi mo chúram agus bhí oideachas ceart Gaelach á fháil ag tríocha ógánach in aghaidh na bliana - buachaillí nach raibh leisce ar a bhformhór seasamh lena dtír, lena gcreideamh agus lena dteanga nuair a d'fhág siad an scoil. Thosaigh roinnt seoiníní ag gearan fúm ó 1970 ar aghaidh ceart go leor - ní raibh siad sásta leis an gcóip d'fhorógra na Cásca ar bhalla an ranga, leis an mbratach náisiúnta sa chúinne, leis na leabhair a léití sa rang ('B'fhiú an Braon Fola', 'Ag Troid ar son na Saoirse', srl.) - ach ní fhéadfaidís lámh a leagan orm go dtí 1973 nuair a rinne mé an botún a sheol chun na hAfraice mé: thug me lá saoire ceiliúrtha don rang an lá tar éis do Sheamus, Kevin agus JB (Dia leo!) eitilt amach as príosún Mhuinseo. An rud nár thuig mé, afach, go raibh athair Mhicí Mhic Cionnaith, duine de na buachaillí i mo rangsa, ina scriú sa Joy - is nár sceith Micí lena sheanleaid cad a bhí déanta agam. Oró a bhuachailli! bhí an lasóg sa bharrach i gceart ansin: cuireadh ceist ar Dicky (hoity toity) Burke, an t-aire oideachais sa Dáil; chaith an Cruiser uair a chloig am cháineadh; d'imigh Paddy (heavy gang) Cooney agus Paddy (thundering disgrace) Donegan chomh mór sin le báiní gur chuidigh sé leis na cimí a d'éalaigh tithe sabháilte a bhaint amach. Ach bhí mo phortsa mar mhúinteoir i gcorás oideachais na hÉireann seinnte agus b'éigean dom aistriú chuig na misiúin, rud nach ndéanfainn dá mbeadh aon dul as agam, táimse á rá leat. (Agus ba mhaith liom a rá go soiléir ag an bpointe seo gur fhág me an tír seachtain iomlán *sular* cuireadh Micí Mac Cionnaith trí thine le buama peitril - ní hamháin nach raibh mé sa tír ag an am, ní heol dom cé a rinne an beart ach an oiread agus, gach rud curtha san áireamh, braithim go raibh an píonós abhairín beag ró-dhian ar an mbligeard - ba leor dá gcuirfí tarra agus cleití ar an mbrathadoir bréan i mo thuairimse, rud a duírt mé le Tuathal Mac Anna ag an am).

Cár seoladh mé ach chuig sráidbhaile beag darb ainm Chipoya in oirthear na tíre sin ar a dtugtar Zimbabwe anois, ach ar a dtugtaí an Róidéis an tráth sin. Dhá ráithe a chaith me ag foghlaim teanga na háite, an tSeónais. Ach tar éis an achair sin ní raibh deacracht ar bith agam ranganna a mhúineadh go huile is go hiomlán trí mheán na teanga sin. Go deimhin, d'éirigh liom rud a dhéanamh i scoil an mhisiúin nár eirigh liom a dhéanamh i mBaile na Cúlóige riamh - chuir me an ruaig ar fad ar an mBéarla! Scoil lán-tSeónaise a bhí agam, an chéad cheann, agus, faraoir, an ceann deireannach dá sórt sa tír. Daltaí den scoth a bhí agam, buachaillí láidre éirimiúla a chuir an-spéis go deo sna haistriúcháin Sheónaise a rinne mé de chlasaicí na Gaeilge (leithéidí 'Trodairí na Treas Briogáide', 'Maraíodh Seán Sabhat Aréir', srl.), agus laistigh de thrí bliana bhí dóthain iardhaltaí dem chuid sa cheantar go raibh briogáid de ZANLA bunaithe acu. Dhá bhliain ina dhiaidh sin arís bhí gach duine de phór Sheáin Bhuí sna bólaí úd maraithe nó díbeartha acu agus bhí ceantar Chipoya ina fhíor-Sheónacht arís - chomh glan sin ó smál na nGall is an Bhéarla go dtabharfadh éinne an leabhar nár leag Cecil Rhodes cos ann riamh. Agus bhí bunadh na háite thar a bheith buíoch díom. Lá amháin thógadar duine de na Selous Scouts a bhí gafa acu chun na scoile le go mbeadh sé d'onóir agamsa piléar a chur trína chloigeann. Ni dhéanann tú dearmad ar an saghas sin cuirtéise go luath, táimse á rá leat. D'fheadfaí a ra gur i Zimbabwe a fuair me an t-aitheatas a diúltaíodh dom i mo thír dhúchais féin - agus b'amhlaidh a bhí an scéal i gcás mórán Gael eile a chuaigh ar imirce ar fud na cruinne, romham agus i mo dhiaidh.

Ach níor chóir dom bheith ró-shearúsach faoin dtír seo ach an oiread. Ceann de na laethanata ba bhródúla i mo shaol ná an lá sin i dtreo dheireadh na bliana 1987 - cupla lá roimh Nollaig - nuair a stad Mercedes mór dubh lasmuigh den scoil i Chipoya, gur shiúil oifigeach arm isteach sa rang staire a bhí á mhuineadh agam agus gur bhronn beartán a cuireadh sa phost in Éirinn orm. An t-aon seoladh a bhí scríofa ar chlúdach an bheartáin ná "Brother Farty O'Flaherty, c/o Robert Mugabe, Zimbabwe", ach thuig Bob - thuig gach duine sa tír - cérbh é Farty O'Flaherty agus cá raibh cónaí air. Agus cad a bhí istigh sa bheartán ach cláirseach mhór adhmaid a rinne duine de na hiarscoláirí agam, Tuathal Mac Anna, sa rang admhmadóireachta i bPort Laoise mar a raibh téarma saoil á chur isteach aige. Ach smaoinigh sé ar a sheanmhúinteoir a bhí ar deoraíocht san Afraic. Líon mo chroí le mórtas an lá sin, táimse á rá leat. ('Sea - an Tuathal Mac Anna céanna ata ann - an fear atá ina chomhairleoir ar Bhárdas Átha Cliath anois agus a bhfuil suíochán dála á thuar dó sa chéad olltoghchán eile - an bhfaca tú é an bosca an tseachtain seo caite agus é i dul isteach chuig cruinniú i dtithe an rialtais, Gerry ar thaobh amháin de agus Martin ar an dtaobh eile - culaith Armani á caitheamh aige agus gan buama peitril ná armalite le feiceáil? Lion mo chroí le mórtas arís, táimse á ra leat.)

Is mise, An Brathair Ambrós

(PS: Brón orm a rá nach féidir dul i dteagmháil leis an mBráthair Ambrós eile anseo mar tá an ríomhaire cosctha air le mí anuas - ón lá sin a d'úsáid an Bráthair Réamann an idirlíon díreach ina dhiadh chun spléachadh a thabhairt ar an eagran is déanaí den 'Osservatore Romano', gur bhrúigh sé 'history' trí thimpist, agus go bhfaca se an saghas ábhair a raibh spéis ag Rósaí ann - ach buíochas le Dia gur aistríodh an Bráthair Réamann amach as an aonad dianchúraim inné agus táimid dóchasach anois go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim go luath.)

Agus cinnte, Tá sé buíoch den freagra a bfuar sé

Táim an-bhuíoch díot faoin bhfreagra cuimsítheach a chuir tú ar fáil dom. Ach tá rud amháin a chuireann as dom. Is deacair a shamhlú go mbeadh aon bhaint ag Rósaí leis an saghas suíomh idirlín a luann tú san alt deireannach. Bheadh sé rógheanmnaí ar fad dá leithéid de thruflais.
Lean ort ag leathnú an diaspora.