Breis Eolas ó Údarás na gaeltachta
Iomlán fíor, ach gur uaidh Udáras na Gaeltachta seachas an bhForas a lorgadar an deontas. A Mhuire, ach nach
raibh spraoi againn anseo ag léamh a n-iarratas! As Béarla a bhí sé, ar ndóigh, is ní fhaca muid Béarla chomh
galánta riamh. Féach gur thosnaigh sé 'pursuant to' is go raibh semi-colon sa dara abairt. Tá Mikey anseo théis
é a thabhairt síos ag Prontoprint chun é a mhéadú go méid póstaéra is fráma a chur air. Tá brath ag an Udarás
bus a fháil ar cíos chun triail ar Chetwynde Downs is buaileadh leis na daoine árd-léanta seo. Le cúnamh Dé
beidh siad in ann cuidiú linn lenár gcánacha.
Agus Séanan "Míshásta" na ráflaí
Ó, an-ghreannmhar ar fad!. Ach ní raibh aon bhaint ag muintir Chetwynde Downs leis an sciglitir sin, cé gur
scríobhadh é ar pháipéar leis an gceannteideal; "Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs".
Bíonn luct Bloc an Phiarsaigh ag magadh fúinn is ag spocadh asainn i gcónaí, ag cur galántacht, éirí in áirde,
árdnósachas, boc-mórachas, gallachas, seoiníneachas agus gach saghas diail peacaí-achas inár leith. Éad agus
formad atá taobh thiar de, i dteannta an síorghríosadh ón gcomhairleoir; Pól "Lenin" McCartney. Dá gcuirfeadh
the bould Pól níos mó fuinnimh i réiteach a lorg dosna faidhbeanna coiriúlachta sa Bhloc bheimís go léir níos
fearr as.
Tá Martina Reilly, rúnaí Cumann na n-Áitritheoirí anseo, ina cónaí in #42 "Fenngarth". Píosa alright atá inti,
táim a rá leat, agus na cosa atá fúithi, phew!! (Maith dhom an Béarlachas). Goideadh an carr ó lasmuigh dá
tigh oíche amháin. Fuarthas é níos déanai agus é dóite go creatlach gar do Bhloc an Phiarsaigh, an áit a
mbeifeá ag siúl leis. Bhí roinnt doiciméidí fágtha ag Martina sa ghluaisteán, páipéirí bána le cinnteidil;
"Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs" ina measc. Déarfainn gur scríobhadh an litir go dtí an t-Údarás ar
cheann acu. Ní dóigh liom go mbeadh na scileanna liteartha ag spraoi-thiomáinithe an Bhloic chun frásaí
léannta mar "pursuant to" a chumadh. Ach tá nia le Pól "Lenin" McCartney ina chónaí sa Bhloc agus cúisíodh
cheana é as carranna a ghoid. Agus níl fear níos fearr na the bould Pól chun Béarla foclach bréagléannta a
scríobh. Níl ann ach fianaise imthoisceach ach ag an am céanna nach mbeifeá ag smaoineamh . . .
Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall
Scrúdú Gaeilge An bhráithir Ambrós
Seo obair bhaile na Cásca daoibh go léir. Téigí chuig:
http://www.transparent.com/tlquiz/proftest/irish/tliritest.htm
agus déan an scrúdú Gaeilge. Duine ar bith nach bhfaighfidh 90% ar a laghad, tabharfaidh mé deich gcinn de
na builí is fearr dó/di leis an leathar is troime dá bhfuil agam - an ceann a bhfuil boinn airgid curtha isteach idir
an dá shlis leathair ann chun é a dhéanamh níos righne.
Níor éirigh go ró mhaith liomsa ann
Nach méanar domsa atá ina chónaí ro-fhada ón Bhráthar
Ach tá gaeilge ar a thoil Ag Mrs Pender.
100% dom féin, a bhuíochas le Bn Uí Chatháin, an bhean lách a bhíodh ag múineadh Gaeilge dom thiar i
gCaisleán an Bharraigh fadó. An-mhúinteoir go deo a bhí inti, is cé nach bhfuair mé oideachas meánscoile
ariamh, bhí an oiread foghlamtha agam sa mbunscoile is a bheadh ag scoláire árdteiste an lae inniu. Níor
sheas an roinnt fhada liom riamh, ná tíortha Mheiriceá Theas, ach is mór an faoiseamh dom im shean-aois
bheith in ann suí anseo in aice na tine ag cumadh dánta beaga dom féin is ag cogarníl ainmneacha na
n-abhann le rithim an meaisín níochána (Electrolux).
Fuair ir Bean Uí Chatháin bás i 1957, beannacht Dé lena
h-anam.
Mrs Pender
Bás Chumasc....
Foláireamh. Tá Mrs. Pender tar éis an long “Cumasc” a thréigint ar eagla go mbrisfí an soitheach ar na
carraigeacha “dotcom”. Cá raghaimíd in ao’chor, an nglacfar le teifigh ón suíomh seo ar
www.fainne.org/gaeilge-a/ . Dream anléannta oillte atá ansan, daoine ceartchreidmhacha, ceartghramadúla,
ceartmheonacha, ceartphointeálta. Ní féidir na Gael-phoncáin a sháru i ndáiríreachas ná i dtromchúiseachas, ní
dóigh liom go gcuirfidís suas leis an bhfiántas osréalach a scaoiltear ar chlár plé Cumasc. Agus caithfidh tú dul
tríd an diail córas "login" sin i dtreo is go mbeidh siad in ann smacht a choimeád ort.
A bhfuil slí in áit éigin ar mhacairí leathana an síbearspáis don truplais in ionad tromchúiseachais,
craiceáltachas in ionad cruinnis, gealtachas in ionad Gaelachais, amaidíochas in ionad acadúlachais, sobalachas
chomhaimseartha in ionad Pheigeachais, cuma-sa-díaileachas in ionad ar-son-na-cúiseachais, agus an rud is
tábhachtaí ar fad; an gontachas in ionad leadránachais, n’fheadar?. Cad eile atá ann?, ó, tá www.daltai/discus/
ann do Gael-phoncáin ag lorg aistriúcháin do théarmaí mar “Kiss me I’m Irish” nó “Erin go Bragh” chun tatú a
chur ar an más clé díreach laistíos den seamróg.
Ar aon nós tá Mrs. Pender (nach maireann) anois ar alt.languages.irish ag www.boards.ie . Ca’na thaobh go
bhfuil an (nach maireann) fágtha ar lár aici anois?. Ar chóir dúinn í a leanúint?. Bhuel táimse anois ag dul go
dtí suíomh eile a fuaireas le déanaí, as Béarla amháin faraoir – www.realsadpersons.com
Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall
Agus déanann cuid daoine iarracht bolscaireacht a dhéanamh le fógraí brónacha mar seo
Bain triail as
www.geocities.com/Athens/8308/craiceann.html
Is míchuí an mhaise domh bheith ag maíomh as a dtearn mé, ach más ar lorg a leithéide atá tú...
--(Panu)
Dár ndóigh, ní gá bolscaireacht a dhéanamh do seanleathnaigh ar an chlár plé toisc go bhfuil siad go léir ar eolas ag na cumasceóirí
Ach a Phanu, ní shin clár plé, ach sean-scéal a léigh muid uilig blianta siar i ré órga Ghaelic-L. Níor thaitin sé
linn an uair sin is ní thaitníonn sé linn anois, ach sin an saol. Agus fós tá an pointe docht le déanamh nach clár
plé é. Mí-thuiscint éigin, n'fheadar?
Mrs Pender
Freagra Phanu
Seadh, ach bhí mo dhuine ag iarraidh an chineál sin ábhair.
Maidir le clár plé, shíl mé gur bhain a lán daoiní triail as clár plé Gaeilge a chur ar bun, ach is dual dófa uilig an
meath céadna a theacht orthu de réir a chéile, de réir dealraimh.
Agus Tá fadhb ag Panu le "Seáinín na Fionnadh Fada"
Cé thú féin, a Mhrs Pender, dála an scéil? An taobhphearsantacht thú de chuid Sheáin Furlong? --Panu
Níl aithne ag Seán Kelley ar Mhrs. Pender ach oiread
Bhí tú i do bhall ar G-L le fadó an ea? C'ainm ortsa? Cé thú féin? Cad chuige go bhfuil tú i bhfolach?
Is réidh duit bheith ag cuir as Panu mar gheall ar ríomhphoist scríofa ar G-L cupla bliadhna. Ach, cé thú féin?
Sean Kelley co-úinéir Gaeilge-B --Seán K.
Agus deireann Mrs Pander leo Cé hí Féin
Ní thuigim do cheist, a Sheáin. Dorothy Pender atá orm agus a bhí orm nuair a bhí mé ar Ghaelic-L fadó. Ní
bhíodh mé ag postáil ansin - ní raibh mé ach díreach théis teacht trasna ar an eadarlíon is ní raibh an taithí
céanna agam air is atá anois. Ag úsáid ríomhaire Dhominic, mo mhac, a bhíodh mé.
Tá ríomhaire de mo chuid féin agam anois agus is mór an athrú a rinne sé ar mo shaol. Níor thóigeamar an
clann le Gaeilge (sin botún, ag breathnú siar), agus is beag teangmháil a bhíodh agam leis an teanga ar feadh
i bhfad théis dom mo bhaile dúchais i Maigh Eo a fhágáil. Is breá liom an seans ag bheith agam arís anois
labhairt le Gaeilgeoirí mar sibhse.
Mrs Pender