|
Dé Sathairn, 21ú Deire Fómhar 2000, 8:24 i.n. Maidin inniú, in ospidéal Naomh Benedict, cailleadh Mrs Dorothy Pender ón bparóiste seo. Seachtó hocht bliana d'aois a bhí sí, is ní raibh a croí go maith le tamall anuas. Ar dheis Dé go raibh a hanam. Fágann sí beirt clainne, mac (Dominic) i Texas Mheiriceá, agus iníon (Máirín) san Astráil. Níl socruithe a socraide déanta go fóill. an t-Athair Flannigan
Tá Míshásta i bponc
ach Tá rud éigin le rá aga bhean Ethel bn Uí Mhíshásta
Bhí Aigeal as baile nuair a thárla sé... Seans go mbaileoidh mé amach amárach le gúna nua a cheannacht. Is dócha go mbeidh Doiminic Pender ar ais i gcómhair socraid a mháthair, agus má tá sé mar a bhí cúig bhliain ó shin, breathnóinn faoi dhó air transa an tí tábhairne. aingeal as neamh
Agus éiríonn le Míshásta é féin a chuir in
ord arís Mothóimíd uainn í. Arra, ní raibh aon díobháil inti, ní raibh, na scéilíní sin a bhí á chumadh aici fúinn, sure, ní raibh iontu ach -- ahhm,, saghas greann dubh a thabharfá air is dócha. Agus cad a dheinfidh na daltai scoile anois gan í agus a sioipín beag bídeach?, cá bhfaighfidís na toitíní agus na siopaí eile chomh docht daingin faoi na cúrsaí sin sa lá atá inniu ann. Agus nár bhain sí sult as an saol go dtí an deiridh?, do bhain, na smacháin vodka a bhíodh aici anois agus arís, agus aríst eile, cén dochar?. Ní fheicfimid a leithéid arís ann timpeall "Chetwynde Downs", ambaist, ní fheicfimid.
Dé Máirt , 17 Deire Fomhar 2000, 1:39 a.m. A Aingil, nach breá an saol atá á chaitheamh agat, ag lascadh leat síos an autobahn ar barrluas id' porsche agus muidne gafa anseo i dtranglam tráchta ag an dtimpeallán ar an gcuarbóthar, le mallachtaí agus fraoch bóthair i ngach feithicil. Fan go gcloisfidh Mrs. Pender faoi do porsche galánta, cuirfidh sí cosa fada leis an scéal. Is ise bean na assumptions. Tá mise beagáinín amhrasach freisin, ní chreidim nach bhfuil fear groí Teotanach testeireonach sa gcúlra in áit éigin. Hhhmmph! Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall.
Ní taithníonn an chúlcaint le Aingeal. Ach ag caint ar chúlcaint, meas sibh cá bhfuil spéirbhean? Ní fhaca mise í le suas le mí anuas, ón lá a tháinig mé trasna uirthi thuas ar urlár a haon de Hodges Figgis ag caitheadh súl ar an karate section. aingeal as neamh
Nó ÉINNE FÁGTHÁ HELLO! HELLO!!! A' bhfuil éinne amuigh ansin i cyber-spás? a' bhfuil aon neach beo fágtha ar chlár na cruinne? Óm' oifigín uaigneach anseo i Villa Padre Pio, #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall
Duine amháin ar a laghad "What - USE the language??" Ach sin mar atá sé. Tuigim leo ar shlite áiride. Tá faitíos an domhain orthu go gcuirfear ainm an díograiseora orthu má fheictear iad ag úsáid na teanga. Tá éirithe le Béarlóirí na tíre rud "faoi leith" agus "neamhghnách" a dhéanamh den Ghaeilge. Fear Feasa
duine eile, agus an cómhrá ag éirí an-intleachtúil Is beag uimhir na daoine a bhfuil baint acu leis an ghaeilge. Agus is nios lu uimhir acu a bhfuil baint acu leis an ghreasan domhanda. scor no do agus sin an meid. mo dhuine
Agus Tógan aingeal muid arais chuig an pointe aingeal as neamh A Thiarna Dia! Muna bhfuilimid ag caint faoin seanábhar an seanteanga, tá muid ag caint ar cé chómh mór is a bhfuil mo German boyfriend nua. Sín 'am an milbhear. manchainach siar is cén sórt saol é muna bhfuil cead ag bean cárr a fháil ar cíos? meastú nach fearr faire ort féin ansin, a stór, sula dtiteann tú thar do chuid assumptions? táimse i gceannas an Chetwynde Downs Anti-Assumption and Embroidery Society. aon spéis agat i dtapestry deas? aingeal as neamh aiféal is brón orm (is éad!) faoi mo chuidassumptions. Maidir leis an tapestry, bhuel - an tairiscint is fearr atá faighte 'am an tseachtain seo. manchainach siar
Déanann Fear Feasa iarracht é fhéin a chosaint
Glacann Aingeal leis go bhfuil an ceart aige aingeal as neamh
agus má tá eolas ag éinne ar cad tái gceist ag manchainach seol litir chugam!!   Dé hAoine, 13. Deireadh Fomhar 2000, ag 7:31 i.n. An fíor é ráiteas Uí Uigínn, agus más ea, cén fáth gur ligeadh don bhille bás a fháil? An fímíneach, amadán, nó ceap magaidh é Éamon Ó Cuív? >>I bhfianaise a ndúirt an t-iar-aire Rialtais agus urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, Micheál D. Ó hUiginn, faoin Bhille Teanga bheadh imní ort gur ag cur ama amú atá siad. Tuairiscíodh ar Foinse na seachtaine seo go ndúirt Ó hUiginn go raibh an Bille Teanga "chomh marbh anois leis an dódó". (Ní dócha go bhfuil an tAire Stáit Éamon Ó Cuív ag teacht leis sa mhéid sin.) Fear Feasa
Îs Fíor é Ó ghnáthóg dheireannach na nDódó anseo i "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.
Dé Céadaoin, 11 Deirefomhair 2000, at 7:01 i.n.
Táimse ag eagrú turas ón bparóiste seo go Cnoc Mhuire ar 17 Samhain 00. Fáilte roimh chách. Bus 13 punt (ticéad fillte),
12 punt eile chun ceapairí, tae, agus grotto memorobilia a chlúdach. Lascaine dóibh siúd a thánaig linn ar an turas chuig
teach Daniel O`Donnell mí Márta seo caite. Má tá suim agat sa turas seo, seol d'ainm chugamsa, Bean Uí Mhíshásta
Ach an í Bean Uí Míshásta at á eagru? Agus Cá bhfuil Chetwynde Downs ? Uainn go léir anseo i "gChetwynde Downs" - - - Slááán Tamall. (Ó Míshásta)
De Réir Oifig an tSuirbhéaracht Ordanáis i gcontae na Mí... 70 IRP as ucht an t-seirbhís comhairlithe seo. An t-seic chugam féin,
Dé Márt, 10 Deirefomhair 2000, at 9:39 a.m. Uimhir a 68 Chetwynde Downs, teach gleoite darbh ainm "Beverly Lawns" (suite ar chúinne, le 1/4 acra talún). 4 sheomra leapan (péire acu en suite), cistin mhór, seomra cónaí, seomra suite, 3 sheomra folctha, seomra na gcluichí, agus seomra na mbéilí. An teach wired i gcómhair Eircom Phonewatch agus cable tv. Gloine dúbailte ar na fuinneoga, teas lárnach, troscáin gáirdíne, dallóga Venéiseacha. Neighbourhood Watch i bhfeidhm sa gceantar. 420,000 IRP atá á éileamh ar an dteach álainn seo. Téir i dteangmháil le: Harry Forsythe Estate Agents, Cad tá cearr le ainm na háite?? Tá go maith, ach tá mé in amhras faoin ainm "Chetwynde". An ainm Breatnach é? Níor mhaith liom cur fúm in eastát a bhfuil ainm iasachta air. Tírghráthoir an leagann Gaeilge Dunaibh Seitbhind? (Ó Fear Feasa)
Cárbh as an logainm
So níl an teach ar díol in aon chur
O’Hagen, Mr. Denis Bart. M. Ch. F.R.C.S.I. (urol.) Máinlia Comhairleach i n-Urology i n-Ospidéal an Bons Secours, Corcaigh, nó Dinny Piddle mar is fearr aithne air ag a gcustaiméirí. Cén fáth an leasainm sin?, chuir ceist ar do sheanathair a bhíonn ag rith go dtí tigh an asail gach 20 nóiméid. Bhí ainm an máinlia céanna sna páipéiri cúpla bliain ó shin nuair a bhain a mhadra, Saluki breá darb ainm Colleen Bawn, an chéad duais amach in a roinn i dTaispeántas na Madraí Cruft’s i London, Shasana. Fuair sí an tríú áit sa phríomh chómórtas. Bhuel, nár éirigh le Long John briseadh isteach ina clós madra oiche amháin. Sin é mo Jeaicín Russell leathshúileach. Ceart agat, leagan gearr de L. J. Silver. Bhí adhall ar an Colleen Bawn agus dhein Long John an beart ceart, n’fheadar conas, mar tá Saluki beagnach ar aon árd le cú. Fair play dó, bíonn níos mó action ag mo ghaidhrín groí i ndeich nóiméid ná mar a bhíonn agam fhéinig i rith na bliana. Níos measa fós, chaill Dinny an conradh flaithiúl a bhí ag an Colleen Bawn chun fógra telefíse a dhéanamh do chomhlacht bia madra Albert Reynolds mar go raibh an gadhar ag iompú clainne ag an am contráilte. Ó, cloisim eochair sa bhfront-doras, mo bhean ag teacht, caithfidh mé imeacht. Uainn go léir anseo i gChetwynde Downs - - - Slááán Tamall PS Fáilte roimh cheartúcháin
ach Tá.... Denis O'Hagen
Slán libh a lucht na Droch-ghaeilge
(Nó Slán ó Éiric) Tá mé dubh-thuirseach de bhur gcuid droch-Ghaeilge agus bhur ndroch-mhúineadh. Chan í an Éire seo an Éire abhí in allód ann, ach Éire lucht Béarla agus beadaíocht Gall. Fuígfidh mé faoibh í a's go sábhála Dia í. Slán, Éiric
Ní aontíonn gach duine leis gur droch-ghaeilge a bhíonn á Úsáid áfach truflóir
Agus Níl gach éinne brónach go bhfuil Eiric ag imeacht
Agus Níl Míshásta fiú ró míshásta faoi Táim pósta le deachtóir de bhean chéile, a bhfuil níos mó suim aici i gcúrsaí religiúnda ná i gcúrsaí leapan. Ochtar clainne, mac aerach ina measc, agus gan meas madra acu ar a n-athair. Agus an madra, an t-aon chara atá fágtha agam sa saol, faoi bhagairt háis ónár gcomharsa bhéal dorais, mar go mbíonn sé de nós ag an ghaidhrín bocht a phlasóg galánta a úsáid mar leithris. Agus nuair a dheinim iarracht éalú on bhrú seo agus dul go dtí an local, bíonn an áit plódaithe le lucht leanúna Man Utd is iad ag béicigh is ag bocléimt timpeall an bheáir. Agus anois agus mé ag iarriadh an idirlíon a usáid mar síciteiripe bíonn na sean-fhondúiri ag teacht sa mhullach orm dom cháineadh faoi lag chaighdeán mo chuidín Gaolainne. Fágaim slán libh go léir. Táim ag dul thar n-ais go dtí suíomh ina bhfuil níos mó tóir ar mo thalainn litríochta; www.weirdfetishes.com. Go dtí go mbeidh Éire ath-aontaithe arís agus go nglacfar le Gaolainn na Mumhan mar an t-aon caighdeán oifigiúil ceart NÍ LABHRÓD. Ónár gclann núicleach go léir anseo i "Chetwynde Downs", go dtí go gcasfaimíd le chéile arís - TOST
Tá Gníomhaire de chuid an Áibhirseora Tríne
Chéile toisc go mbéadh Míshásta ciuin as seo amach  
Agus déanann Corca Muichid iarracht an ábhar
a athrú
Agus Níl a fhios ag Seán cad le ceapadh
Aithníonn Aingeal a chomharsa
Agus Aithníonn Míshásta a Chomharsa
Tá conaí orainn in uimhir 37, "Villa Padre Pio". Mo bhean a roghnaigh an t-ainm. Ba bhreá liom cuairt a thabhairt ort
i gcóir tae agus ceapairí, a Aingil gil, ach bheadh faitíos orm. Bíonn mo bhean ag coimeád súil géar orm, ní chreidfeadh
sí nach raibh ach tae agus blastóga i gceist, go mórmhór le bean óg aoibhinn áláinn, dea-chumtha, dea-chóirithe, dea-
dea- --- ahem. Bíonn sí an-amhrasach fúm ón uair a tháinig sí orainn nuair a thugas cuairt ar uimhir a 9, "Tudor Lodge",
i gcóir cupáin caifé leis an bean a'tí. Scéal eile, ní chreidfeá é, ach de réir dealraimh bíonn an oiread spéis ag fear
"Tudor Lodge" i gcúrsaí leapan agus atá ag mo bhean fhéinig. Tut-tut, cad a scríobh mé sa teachtaireacht thuas; "ní chonaic tú". "Ní fhaca tú" ba chóir a bheadh ann is dócha. Chuirfinn fáilte roimh cheartúcháin, fiú amháin i nGaeilge Thír Conaill
Níl aon fadhb ag Aingeal le bhean Míshásta Sin an-job péinteála a rinne sibh ar uimhir a 37 -- tá an bán-dearg go hálainn agus is fada an lá ó chonaic mé fountain chomh gleoite. Caithfidh go raibh an tarmac sin uilig an-daor. le meas, aingeal as neamh
Ach ní ghlacann Míshásta lena cuireadh... Ar aon nós, beidh do dhóthain agat le Hetty agus Algy; cabair-cabaireacht, sifil-seaifil, blidir-blaidir, iac-iac-iac, caint gan sos, gan stad, gan stop, gan staonadh. Óóf, mo thrua thú. Agus an seanraicleach sin, Mrs. Pender, ná chreid focal as a cambhéal. A bhfuil fhios agat, a Aingil, tá ráflaí gránna malíseacha ag gabháilt thart fúm, 'sea, fúmsa. Ag faire na n-éan, b'shin an caitheamh aimsire a bhí agam sara cheannaíos an PC agus sara bhris mo bhean mo dhéshúiligh i smidiríní nuair a chuala sí na ráflaí céanna. Ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh idir an gealbhan binne agus an gealbhan coille a bhíos agus ní ag gliúcaíocht isteach i bhfuinneoga na gcomharsana. Cuirim an milleán ar an seancailleach sin, Mrs. Pender, as bheith ina príomh craobhscaoilteoir desna ráflaí faoi'n peeping tom. Is deas liom gur thaitinigh dath nua an tí leat, "Montrose Pink" a thugtar ar an dath céanna. Agus an fountain sin a chonaic tú, ní fountain atá ann ach folcadán éan, bird-bath. Tá an difríocht tabhachtach mar a thuigfeá ón alt deireannach. Ar thugais fé ndeara na fuinneoga Seoirseacha PVC nua? leis an triple-action ultra-secure locking system. Tá an conservatory Victóriánach ar do thigse an-galánta ar fad. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do oíche Bridge ach bi cinnte go gcoimeádfaidh tú súil géar ar Mrs. Pender nuair a bhíonn sí ag roinnt na cártaí. Uainn go léir anseo i 37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall  
|
||||||||||||